Balar na Súile Nimhe
Ós rud é go bhfuil Mí na Súl Buí ag teacht chun deiridh, tagann
Balar na Súile Nimhe chun cuimhne chugam. Ní amháin go bhfuil clú
agus cáil ar Bhalar ar fud na hÉireann ach tá trácht air sa Chorn
chomh maith.
Creidtear go bhfuil baint idir shúil Bhalair agus an ghrian.
B'fhéidir go raibh sean-reiligiún ársa in Éirinn ina raibh
Bhalair mar dhia na gréine. Mharaigh Lugh an seandia Balar ag tús
an Fhómhair agus cumhacht na gréine ag ísliú. Dá bhrí sin,
d'fhorbair reiligiún na ndraoithe agus cuireadh an sean-reiligiún
faoi smacht. Mar a tharlaíonn sé, maireann a clú in iarthar na
tíre, rud a thacaíonn leis an teoiric seo agus luí na gréine i
gcuimhne againn fosta.
Nuair nach raibh Balar ach ina ghasúr óg, chaith sé tamall fhada
ag breathnú ar draoithe ag cur deochanna nimhe le chéile. Bhí an
nimh chomh cumhachtach sin go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór ar
an ghasúr Balar. Dá bhrí sin, d'fhás sé suas le súil nimheach. De
réir na scéaltaí béaloideasa, insítear dúinn nach raibh ag Balar
ach an súil amháin agus gur ghlac sé ceathrar leis na craicinn
éagsúla a thógáil óna shúil. Bhí seacht gcraiceann ar an tsúil
céanna:
1. Nuair a tógadh an chéad chraiceann, chríonadh an raithneach.
2. Nuair a tógadh an dara chraiceann, thriomaíodh an féar.
3. Nuair a tógadh an tríú craiceann, théadh na crainn.
4. Nuair a tógadh an ceathrú chraiceann, bhíodh toit ag teacht
óna crainn.
5. D'éirigh gach rud dearg nuair a tógadh an cúigiú chraiceann.
6. Bhíodh splancanna le feiceáil nuair a tógadh an séú
chraiceann.
7. Phléascadh gach rud sa timpeallacht trí thine agus an
craiceann deireannach tógtha dá shúil.
Má tá duine ar bith in amhras fán tionchar a bhí ag Balar ar
mhuintir na tíre seo, níl le déanamh aige ach amharc ar an chruth
atá ar iarthar na tíre go háirithe. Ar ndóigh, tá an oiread sin
carraigeacha le feiceáil i gConamara agus a leithéid, áit a raibh
clocha déanta de na sluaite fir. Lena chois sin, is iomaí carraig
atá ag gobadh amach ón fharraige, áit a raibh báid ag seoladh
uair den tsaol. D'fhág sé barrtha na luathra dubh agus tá neart
áiteanna in Éirinn fágtha lom dá bharr fosta.
Tuigtear go raibh Balar lonnaithe ar Oileáin Thóraigh ar chósta
Thír Chonaill. Choinnigh sé muintir na hÉireann faoi smacht agus
bhí cánacha árda l'íoc acu. Tá seanbhallóga Dhún Bhalair agus Túr
Bhalair le feiceáil go fóill ar an oileán.
Bhí tairngreacht ann go gcuirfeadh a gharmhac chun báis é. Dá
bhrí sin, réitigh Balar a iníon, Eithne, a chur faoi ghlas sa túr
sa dóigh is nach mbeadh cuideachta fir aici riamh. D'éirigh le
fear óg darbh ainm Cian comhriachtain a bheith aige léi, ach
chomh luath agus a thuig Balar an scéal seo, cuireadh chun báis
é. Bhí mac ag Eithne agus shocraigh Balar Eithne agus a mac a
chur le gaoth ar an fharraige mhór.
Chuidigh gabhann darbh ainm Goibhleann l'Eithne agus lena mac,
Lugh, agus d'fhan Lugh i gcuideachta Ghoibhleann go raibh sé in
aois fir. Bhí sé i gcumas Ghoibhleann sleánna a dhéanamh a bhuail
ceann scríbe go díreach i gcónaí. Rinne sé sleá íontach do Lugh.
Idir an dá linn, ghoid Balar bó íontach, an Glas Ghoibhneannm ón
ghabhann agus ghlac sé go oileáin Thóraigh é. D'éirigh le
Ghoibhleann adhastar an bhó a fháil ar ais go tír mór agus
tháinig an bó chuige ag snámh ar lorg a adhastar. Bhí Balar ar
buile agus bhí sé ar intinn aige Éire a scrios. Chuaigh Lugh i
gcomhrac le Balar ag bun an Earragail. D'éirigh le Lugh a sleá a
chaitheamh trí shúil Bhalair agus líonadh Gleann Nimhe le nimh ón
tsúil.
I leagan eile den scéal, lean Lugh sa tóir ar Bhalar, go dtí gur
bhain siad Carn Uí Néit amach. Sular bhain Lugh an cloigeann do
Bhalar, mhínigh Balar dó go mbeadh a chuid chumhachta aige dá
gcuirfeadh sé a chloigeann ar bharr a chinn féin. Níor chreid
Lugh an méid seo agus nuair a bhain Lugh an cloigeann dó chuir sé
ar bharr carraige é agus phléasc an charraig ina smidiríní ar an
toirt.
AN DRAOI RUA
Seanfhocal na Seachtaine
`Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh'
Is dócha go n-insítear dúinn sa mhéid seo go dtiocfadh le rud ar
bith tarlú sa tsaol seo ach ní thiocfaidh daoine ar ais ó na
mairbh. Seans go bhfuil sin ag dul i gcoinne creideamh dhaoine?